‘…i measc na ndírbheatháisnéisí is suimiúla dár scríobhadh riamh i nGaeilge’ – Robert McMillen, The Irish News
‘What elevates the book from travelogue to art is the journey towards enlightenment it captures… The reader gets to jourey with Hijmans as his eyes learn to see the world anew, as he shifts from objective outsider to believer.’ – Manchán Magan, The Irish Times
Ar thóir an tsonais i mbruachbhaile bocht
Cónaíonn Alex Hijmans i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfraiceach a tógadh chun na Brasaíle mar sclábhaithe ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht?
Péinteálann Favela pictiúr de dhomhan anaithnid i nGaeilge bhreá bhríomhar.
Gradaim
Bronnadh duais aitheantais sa rannóg ‘Saothar Prós’ ar Favela ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2009. Ainmníodh an leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin don leabhar is fearr i nGaeilge 2010.
Seo a deir na léitheoirí
“An chéad leabhar i nGaeilge a léigh mé ó d’fhág mé an scoil” – Avril Coghlan, Corcaigh
“Bhí mé féin agus cairde ar laethe saoire sa Bhrasaíl i mí Feabhra seo chaite. Is iontach an léargas a thugann an leabhar ar shaol na ndaoine nach bhfaigheann tú ar thuras” – Louise McMahon, Béal Feirste
“Ceann de na rudaí a chuaigh i bhfeidhm orm ná an chaoi go nglacaimidne leis go bhfuil fáil éasca ar an oiread sin rudaí, cosúil le hoideachas, ach go gcaithfidh daoine i dtíortha eile strachailt chun iad a bhaint amach” – Kevin McCann, Gaillimh
Ceannaigh
Tá fáil ar Favela i siopaí leabhar a bhfuil rannóg de leabhair i nGaeilge acu, nó ar-líne ó Chló Iar-Chonnacht.
Sonraí
Foilsithe ag Cois Life, Baile Átha Cliath, 2009 / ISBN 978-1-901176-96-4 / 168 leathanach / clúdach bog / praghas: €18
Grianghraif
Tá 28 ngrianghraf daite sa leabhar. Seo thíos rogha beag.


