Éiríonn leis an údar bailiú leis ó thír go tír, ó chathair go cathair, ó theach go hárasán, agus ó scéal go scéal as Gaeilge gan scraith a bhaint, bó a bhleán ná clocha a chomhaireamh ar phaidríní. Éacht nach beag agus cnuasach a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie
‘These are tales of discrimination and isolation, of understanding and misunderstanding, of loneliness and love … Hijmans manages to successfully create credible characters and atmospheric locations in simple and effective prose that sometimes takes Irish-language writing to places where it has never been before. The writing is crisp, clear and fresh throughout, shining new lights on stories of emigration.’ Cathal Póirtéir, Books Ireland
Ní hionann an tátal ná na tuiscintí a bhainfeadh cách as na scéalta seo. Ach cuirfear ag machnamh an léitheoir; ar cheisteanna a bhfuil práinn leo i saol guagach. Aonghus Ó hAlmhain, Smaointe Fánacha Aonghusa
Blurba
‘Fágann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhágann bád ar an bhfarraige, nó réalta eireabaill sa spéir. D’fhág Tír na Sámach a lorg ormsa, agus – dá laghad é – d’fhág mise lorg ar Thír na Sámach.’
I scéalta an chnuasaigh seo, leanann peann Alex Hijmans an lorg a d’fhág an imirce ar charachtair éagsúla – i Londain, i Liospóin, i nGaillimh, i mBéal Feirste, in Washington D.C. agus in áiteanna eile nach iad.
Ceannaigh
Tá fáil ar Idir dhá thír i siopaí a bhfuil rannóg leabhar Gaeilge acu, nó ar-líne ó Chló Iar-Chonnacht.
Sonraí
Foilsithe ag Cois Life, Baile Átha Cliath, 2017 / ISBN: 978-1-907494-65-9 / 160 leathanach / clúdach bog / praghas: €12
Fís
Seinnliosta
Cá bhfios nach gcuirfidh an seinnliosta seo fonn ar léitheoirí tabhairt faoi Idir dhá thír. Bhí an rogha ceoil seo mar chrann taca ag an údar agus an cnuasach á scríobh aige.