‘Leabhar álainn amach is amach‘ – Áine Ní Ghlinn, Thall ‘s abhus, RTÉ Raidió na Gaeltachta
‘Cuidíonn an loime stíle go mór le bunús eagarthóireachta an leabhair, is é sin, go ligtear don fhís feidhmiú mar fháisnéis mhacánta. Ní troscán trom tráchtaireachta é an téacs le tuisle a bhaint as tnúthán an léitheora ach machnamh meáite atá préamhaithe sa traidisiún tuarascálach.’ – Dónall Ó Braonáin, Comhar
Blurba
Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.
Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist.
Grianghraif shamplacha
Ceannaigh
Tá fáil ar Splancanna ó shaol eile i siopaí leabhar a bhfuil rannóg Ghaeilge acu agus tríd an idirlíon ó Chló Iar-Chonnacht.
Sonraí
Foilsithe ag Cois Life, Baile Átha Cliath, 2013 / ISBN: 9781907494376 / Clúdach bog / 199 leathanach / Praghas: €14