Aiséirí

‘An-léiriú é an leabhar seo den tabhairt faoi deara agus den bháúlacht is dual do Hijmans.’ – Alan Titley, Tuairisc.ie

‘…cé go bhfuil sé éadrom soléite, tá léargas maith tugtha ag Hijmans ar chúrsaí grá, ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí féiniúlachta. Fanann na rudaí seo leis an léitheoir i ndiaidh dó an scéal a léamh agus beireann siad ábhar machnaimh dó.’ – Proinsias Mac a’Bhaird, Gaelscéal

“By turns intelligent, bitchy, sarcastic, engaging, insightful, witty and moving, an affectionate glance at contemporary Ireland in all its triumphs and failings. It’s an espresso of a story, something slight that gives you a welcome jolt, and the reader leaves the book behind feeling quite cosmopolitan’ – Pól Ó Muirí, The Irish Times

‘Éiríonn le Hijmans íomhánna casta a léiriú i stíl iontach simplí’ – Diarmuid Ó Mathúna, Gaelchultúr  (Éist le podchraoladh léirmheastóireachta Ghaelchultúr ar Aiséirí ina iomláine)

Blurba

Caife agus cath teanga. Cailín freastail agus a cuid custaiméirí rialta. Ceapairí cáise agus caidreamh casta. Sin iad na comhábhair sa chéad úrscéal ó pheann Alex Hijmans.

Saighdiúr de cuid na cúise í Rebekka Vogelzang, bean óg as an Ísiltír a fhoghlaimíonn Gaeilge agus í ag obair i dteach caife Gaelach i gcathair na Gaillimhe. Cuireann sí a croí agus a hanam isteach i ngach uile chupán espresso dá ndéanann sí agus i ngach uile bhonnóg dá mbácálann sí, toisc go dtuigeann sí go bhfuil slánú na teanga ag brath air.

Ach cé a shlánóidh Rebekka?

Glacadh

Ainmníodh Aiséirí ar liosta ‘50 Irish Books‘ de chuid na heagraíochta Contemporary Irish Writing agus léitear é mar chuid de chúrsaí céime Gaeilge ag Ollscoileanna éagsúla in Éirinn.

Ceannaigh

Tá fáil ar Aiséirí i siopaí leabhar a bhfuil rannóg de leabhair i nGaeilge acu, nó ar-líne ó Chló Iar-Chonnacht.

Sonraí

Foilsithe ag Cois Life, Baile Átha Cliath, 2011 / ISBN 978-1-907494-02-4 / 152 leathanach / clúdach bog / praghas: €16

Fís

Alex faoi agallamh ag Eoin Ó Néill (Nuacht24) faoi Aiséirí, i measc rudaí eile