An Tearmann

Tearmann-Cover-1

‘Slogtar an léitheoir isteach sa scéal go dtí an nóiméad deireanach nuair a bhristear alltacht an deiridh orainn…’Máire Ní Annracháin, Ollamh le Teanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

‘An bua is mó atá ag an leabhar seo ná an domhan a chruthaítear ann – tearmann na treibhe sa dufair, atá lán le carachtair spéisiúla inchreidte.’Eoin P. Ó Murchú, Tuairisc.ie 

‘Tá stíl dheas shéimh scríbhneoireachta ag Hijmans; cuireann sé daoine agus áiteanna i láthair go nádúrtha. Ní chuirfidh an insint dua ar léitheoir ar bith, rud nach ionann agus a rá nach mbainfear pléisiúr as an scéal.’Pól Ó Muirí, The Irish Times.

‘Tá lón machnaimh agus dris choinsiasa san úrscéal.’Aonghus Ó hAlmhain, Smaointe Fánacha Aonghusa.

Blurba

Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús – ach faoin am sin, tá sé rómhall. Dá lomainneoin, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thiocfaidh sí chun buaice.

Ceannaigh

Tá fáil ar An Tearmann i siopaí a bhfuil rannóg leabhar Gaeilge acu, nó ar-líne ó Chló Iar-Chonnacht.

Sonraí

Foilsithe ag Cois Life, Baile Átha Cliath, 2016 / ISBN 978-1-907494-66-6 / 185 leathanach / clúdach bog / praghas: €12