Rugadh Alex Hijmans (1975) san Ísiltír, bhí cónaí air in Éirinn ar feadh dhá bhliain déag, agus le tamall de bhlianta anuas tá sé lonnaithe sa Bhrasaíl.
Colúnaí rialta de chuid an tsuímh nuachta Tuairisc.ie é Alex.
Tá sé cinn de leabhair scríofa i nGaeilge aige, idir fhicsean agus neamh-fhicsean. Tá Idir dhá thír, An Tearmann, Splancanna ó shaol eile, Gonta, Aiséirí agus Favela ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht.
Bronnadh gradaim Oireachtais ar Favela (roinnte) agus ar Gonta. Tá Aiséirí ainmnithe ar liosta ‘50 Irish Books‘ de chuid na heagraíochta Contemporary Irish Writing. Léitear Favela, Aiséirí agus Gonta in Ollscoileanna éagsúla in Éirinn. Tá dhá ghearrscéal as an gcnuasach Idir dhá thír ar liosta léitheoireachta an Teastais Shóisearaigh atá dírithe ar chainteoirí líofa Gaeilge.
Foilsíodh gearrscéalta i nGaeilge ó pheann Alex sna hirisí Comhar agus Irish Pages, i mBéarla sna hirisí Wasafiri agus Crannóg, agus in Ísiltíris in Passionate agus KortVerhaal.
D’aistrigh Alex mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, go hÍsiltíris. Tá Onder de zoden ar fáil ón teach foilsitheoireachta Bananafish.
Tá dhá úrscéal do dhéagóirí aistrithe ón Ísiltíris go Gaeilge aige, mar atá Cen chaoi a bhfuil tú? Go maith le Anke Kranendonk agus Maistín le Peter-Jan Rens.
Tá leabhar i mBéarla scríofa ag Alex, leis: beatháisnéis d’Ísiltíreach siúlach scéalach a bhog go dtí an Bhrasaíl sna 1960í. Tá I have loved – A biography of Hans Leusen ar fáil ó The American Book Center.