‘Corraitheach agus soléite‘ – moltóirí an Oireachtais
‘...meallann [Hijmans] an léitheoir go máistriúil.’ – moltóirí an Oireachtais
‘...scéalta iad nach bhfuil ar dhóigh ar bith bog. Beidh caint ar “Buzú”, “Dréimire na cumhachta” agus “Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin” go ceann tamaill.‘ – Pól Muirí, The Irish Times
Blurba
Gonta. Gonta croí, gonta anama, gonta coirp. Gonta a spreagann gníomhartha díoltais – agus dóchais. Cnuasach de 13 ghearrscéal a thaispeáineann gonta mhuintir Bahia, sa Bhrasaíl.
Sliocht
“Caitheann tusa barraíocht ama ag machnamh faoi na rudaí seo, a mhac. Sin an fáth go bhfuil do chuid gruaige ag éirí liath. Déan mar a dhéanaimse: dúiseacht, obair, ithe, ól, craiceann, codladh. Ní hé do jabsa fadhbanna an domhain a réiteach. Iad a thuairisciú, sin é do jab.”
(As: “Fanann a ndeirtear sa jíp sa jíp”)
Ceannaigh
Tá fáil ar Gonta i siopaí leabhar a bhfuil rannóg Ghaeilge acu agus tríd an idirlíon ó Chló Iar-Chonnacht.
Sonraí
Foilsithe ag Cois Life, Baile Átha Cliath, 2012 / ISBN 9781907494291 / Clúdach bog / 160 leathanach / Praghas: €14
Fís
Agallamh faoi ‘Gonta’ agus saol an scríbhneora le NvTv, Béal Feirste.