Tá gort na litríochta á threabhadh ag Alex Hijmans le tamall de bhlianta anuas. Tá ceithre leabhar foilsithe aige i nGaeilge: Splancanna ó shaol eile (2013, neamhfhicsean), Gonta (2012, cnuasach gearrscéalta), Aiséirí (2011, úrscéal) agus Favela (2009, neamhfhicsean).
Bronnadh gradaim Oireachtais ar Gonta agus Favela. Cuireadh gearrscéalta leis i gcló in Comhar, Duilleoga Éireann, Crannóg Magazine, san iris Bhreataineach Wasafiri agus sna hirisí Ollainneacha Passionate agus KortVerhaal.
Tá fáil ar leabhair Alex i siopaí leabhair a bhfuil rannóg Ghaeilge acu, nó tríd an idirlíon ó Cois Life, Litriocht.com agus An Siopa Gaeilge. Tá fáil orthu mar ríomhleabhair ó Amazon.co.uk agus Amazon.com agus ó dhíoltóirí ríomhleabhar eile.