Idir dhá thír: dátaí don dialann

Beidh mé in Éirinn i mí na Nollag d’fhonn mo chnuasach gearrscéalta nua, Idir dhá thír, a chur i mbéal an phobail.

Beidh fáilte roimh chách ag na himeachtaí seo:

AN SPIDÉAL, DÉ SATHAIRN 16 NOLLAIG, 5 PM, SIOPA LEABHAR CLÓ IAR-CHONNACHT

Síniú leabhair, léamh agus comhrá. Léifidh mé scéal as Idir dhá thír, déarfaidh mé cúpla focal faoin gcuid eile den chnuasach agus glacfaidh mé le ceisteanna ón lucht éisteachta. Síneoidh mé cóipeanna den leabhar go fonnmhar!

Tá Siopa Leabhar Cló Iar-Chonnacht lonnaithe i gCeardlann an Spidéil.

BAILE ÁTHA CLIATH, DÉ LUAIN 18 NOLLAIG, 7:30 PM, GENERATOR HOSTEL, CEARNÓG MHARGADH NA FEIRME

Léifidh mé scéal as Idir dhá thír ag an imeacht ‘tóg an mic’ IMRAM @ REIC NA NOLLAG.

Beidh scríbhneoirí eile ag léamh ag an imeacht freisin, Dairena Ní Chinnéide agus Maitiú Ó Coimín ina measc. Beidh ceol ann ó Steve Cooney agus ceoltóirí eile.

(Cead isteach €5.)

BAILE ÁTHA CLIATH, DÉ CÉADAOIN 20 NOLLAIG, 7 PM, AN SIOPA LEABHAR, 6 SRÁID FHEARCHAIR

Seoladh oifigiúil. Seolfaidh láithreoir Raidió na Life, Ola MajekodunmiIdir dhá thír go hoifigiúil. Léifidh mé scéal as an gcnuasach, déarfaidh mé cúpla focal faoin togra agus glacfaidh mé le ceisteanna ón lucht éisteachta. Síneoidh mé cóipeanna den leabhar go fonnmhar!

(Léifidh mé scéal éagsúil ón scéal a léifidh mé ag imeacht REIC!)

BÉAL FEIRSTE, DÉARDAOIN 21 NOLLAIG, 1 PM, CULTÚRLANN MCADAM-Ó FIAICH

Léamh ag am lóin. Léifidh mé scéal as Idir dhá thír, déarfaidh mé cúpla focal faoin gcuid eile den chnuasach agus glacfaidh mé le ceisteanna ón lucht éisteachta. Síneoidh mé cóipeanna den leabhar go fonnmhar!

Advertisements