Cén cineál léitheoira a bhíonn ar aigne ag an scríbhneoir nuair a bhíonn sé i mbun pinn?

An mbíonn léitheoir ar leith ar intinn agat nuair a bhíonn leabhar á scríobh agat?’

Ní ag brath ar dhíolachán leabhar a bheinn dá mbeadh euro faighte agam chuile uair a raibh orm leagan den cheist sin a fhreagairt, ó foilsíodh an chéad leabhar liom. Aisteach go leor, níor rith freagra sásúil liom go dtí le gairid.

Is é an chaoi nach mbíonn léitheoir ar leith ar m’aigne nuair a bhím ag scríobh, agus cheapfainn gur amhlaidh an scéal do mhórchuid scríbhneoirí. Dar liom gur drochrud a bheadh ann dá mbeadh, fiú amháin.

Dá mbeadh duine ar leith ar m’intinn an t-am ar fad agus mé ag obair ar leabhar, bheinn ag iarraidh an duine áirithe sin a mhealladh le mo chuid focal. Ní bhacfainn le téamaí nach mbeadh spéis ag an duine áirithe sin iontu; bheadh drogall orm rudaí a scríobh a chuirfeadh isteach air. Chuirfinn teora le mo chuid samhlaíochta: féinchinsireacht ar mhaithe leis an margadh.

Ach tarlaíonn a mhalairt freisin. Tharla sé dom féin cúpla babhta gur theastaigh uaim léitheoir – nó cineál léitheora – ar leith a chloí le píosa scríbhneoireachta, in iarracht an ceann is fearr a fháil air in argóint a bheadh ar siúl agam leis i m’aigne féin, i ngan fhios dó. Ní mholfainn é. Searbhas míthaitneamhach an toradh a bhíonn ar an gcur chuige sin go minic.

Dá bharr sin, déanaim iarracht gan m’aird a dhíriú ar dhuine ar bith faoi leith agus mé i mbun pinn.

Ach fágann an méid sin agus na huaireanta fada a chaitheann scríbhneoir leis féin mar chuid den obair, gur ceird uaigneach í ceird na scríbhneoireachta.

Uaireanta, go háirithe agus mé i lár scéil, bíonn sé deacair orm a shamhlú go léifidh duine éigin eile na focail a mbím ag streachailt leo go brách. B’fhéidir go dteipfeadh ar mo mhisneach ag amanta mar sin – mura mbeadh a fhios agam gur ann don léitheoir. Do na léitheoirí, fiú amháin.

Thug mé camchuairt na hÉireann ar na mallaibh in iarracht úrscéal nua de mo chuid a chur i mbéal an phobail. Bíonn strus ar leith ag baint leis an bpoiblíocht: go tobann bíonn ar an scríbhneoir a chaitheann uaireanta fada ina chomhluadar féin seasamh sa spotsolas, áit a mbíonn air teacht aníos le freagraí ar cheisteanna mar ‘Cén saghas léitheoirí a mbíonn tú ag scríobh dóibh?’

Ach is fiú an tairbhe an trioblóid. Murach an teagmháil bheo a bhaineann le seoltaí leabhar, le hagallaimh phoiblí agus le haoichainteanna, is ar éigean a thuigfeadh an scríbhneoir gur ann don léitheoir ar chor ar bith. Lena chois sin, chuirfeadh sé iontas air cé hiad na léitheoirí.

Rud a rith liom arís agus arís eile le linn na camchuairte liteartha a thug mé ar Éirinn le gairid, ná gur dream an-éagsúil iad léitheoirí mo chuid leabhar. Fir agus mná. Déagóirí, seanóirí agus chuile aoisghrúpa idir eatarthu. Dream tuaithe, dream cathrach. Cainteoirí dúchais, nuachainteoirí agus duine nó beirt ón iasacht, mo dhála féin.

Beidh an meascán mearaí sin ar chúl m’aigne agus mé i mbun pinn arís, ach ní dhíreoidh mé mo chuid scríbhneoireachta ar chineál amháin léitheora.

Masla a bheadh ansin don chuid eile.

Foilsíodh an colún seo ar Tuairisc.ie ar an 19 Samhain 2016.