Cuairt ar Éirinn: dátaí don dialann

Beidh mé in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair chun iarracht a dhéanamh m’úrscéal nua, An Tearmann, a chur i mbéal an phobail.

Beidh fáilte roimh chách ag na himeachtaí seo:

Gaillimh, Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair, 4:30 pm, Áras na Gaeilge

Seolfaidh an Dr. Rióna Ní Fhrighil An Tearmann go hoifigiúil, mar chuid de Chomhdháil na Gaillimhe.

Béal Feirste, Dé Céadaoin 12 Deireadh Fómhair, 7 pm, Cultúrlann McAdam-Ó Fiaich

Léifidh mé sliocht as An Tearmann ag imeacht speisialta de chuid Cumann Léitheoireachta na Cultúrlainne. Fáilte roimh chách.

Baile Átha Cliath, Déardaoin 13 Deireadh Fómhair, 6 pm, Ionad an Phiarsaigh

Léifidh mé sliocht as An Tearmann agus labhróidh mé le Michael Cronin faoin leabhar, faoi mo shaol agus mo chuid scríbhneoireachta ag léamh agus agallamh poiblí de chuid fhéile IMRAM. (Cead isteach €5.)

Corcaigh, Dé hAoine 4 Samhain, 5 pm, siopa leabhar Waterstones

Léifidh mé sliocht as An Tearmann agus síneoidh mé cóipeanna den leabhar i siopa Waterstones, 69 Sráid Phádraig, idir a 5 agus a 6 pm.

Seans go gcuirfear leis an liosta seo amach anseo. Coinnigh súil ar @alexhijmans.