‘An Tearmann’ ar fáil!

img_1060

Aistear a bhíonn i ngach togra scríbhneoireachta. Bhí aistear fada i gceist le m’úrscéal nua, An Tearmann, atá ar fáil inniu.

Thosaigh mé ag obair ar An Tearmann breis agus seacht mbliana ó shin. Chuir mé tús leis faoi dhó. Líon mé cóipleabhar i ndiaidh cóipleabhair. Ach ní barántas ar bith é fuadar scríbhneoireachta. Ar chúiseanna éagsúla, d’imigh an ghaoth as mo sheolta ar an gcéad dhá iarracht sin.

Ghlac mé le hobair scríbhneoireachta eile. D’fhoilsigh mé cnuasach gearrscéalta, leabhar grianghrafadóireachta agus beatháisnéis.

Trí bliana ó shin, chuir mé peann le páipéar arís. Níor bhreathnaigh mé ar na cóipleabhair a bhí líonta agam cheana. Scríobh mé dréacht nua as an bpíosa. An iarraidh seo, d’éirigh liom an scéal a thabhairt chun críche.

Ar ndóigh, níorbh é sin deireadh na hoibre. Ná baol air.

Theastaigh uaim leabhar a scríobh a chuirfeadh an léitheoir faoi gheasa, mar a dhéanfadh scéinséir. Ach theastaigh uaim go mbeadh téagar ann freisin, mar a bhíonn in úrscéal liteartha.

Chun an dá aidhm sin a bhaint amach, bhí orm gearradh, athscríobh agus snas a chur ar a raibh fágtha. Nuair a bhí sin déanta, bhí orm gearradh, athscríobh agus snas a chur ar a raibh fágtha arís.

Tá ceann scríbe bainte amach ag An Tearmann anois. Nó chóir a bheith, pé scéal é. Tá an leabhar ar sheilfeanna na siopaí leabhar, ag fanacht ar léitheoirí a thabharfaidh abhaile é.

Tá fáil ar an leabhar ar líne freisin, ó Cois Life agus ó shiopaí eile.

Beidh ríomhleabhar ar fáil ar an 30 Meán Fómhair.

Beidh mé in Éirinn i lár an Fhómhair chun An Tearmann a thabhairt ar chamchuairt phoiblíochta beag. Tá sceideal na cuairte sin á chur i dtoll a chéile faoi láthair. Coinnigh súil ar an suíomh seo agus ar @alexhijmans.