Ní ina shuí ag a dheasc a bhíonn an scríbhneoir ficsin…

Tá dul amú ar an té a cheapann go gcaitheann scríbhneoir ficsin formhór a chuid ama ina shuí ag a dheasc ag breathnú amach sa spás roimhe, féachaint an aimseoidh sé an chéad abairt eile ansin amuigh. Obair fhisiciúil atá sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

Ní ag gearán faoin bpian in uillinn mo láimhe deise atá mé anois, pian a bhfuil baint aici, dar liom, leis an scríbhneoireacht ghasta a bhíonn ar siúl agam le peann ar pháipéar nuair a bhím i mbun an chéad dréachta de shaothar nua.

Nílim ag caint ach an oiread faoin tsíorgheáitsíocht a bhíonn ar siúl agam i lár an tseomra suite, féachaint an féidir na gluaiseachtaí a chuirim mo chuid carachtar ina mbun a dhéanamh go fisiciúil, dáiríre. (An féidir le duine iallacha a bhróg a cheangal agus a ghuthán póca a fhreagairt ag an am céanna? Bain triail as go bhfeice tú. Sampla fánach, b’fhéidir, ach is furasta do scríbhneoir asarlaí nó seaimpín gleacaíochta a dhéanamh dá chuid carachtar i ngan fhios dó.)

Is éard atá i gceist agam nuair a deirim gur obair fhisiciúil í an scríbhneoireacht chruthaitheach ná seo: ní ag an deasc a tharlaíonn an chuid is mó den chumadóireacht, ach nuair a bhíonn an scríbhneoir áit éigin eile ar fad – agus, níos minice ná a mhalairt, i mbun gnímh fhisiciúil éigin.

Is é an chaoi nach é an comhfhios ach an fo-chomhfhios a bhíonn i mbun na cumadóireachta. Leaidín beag ceanndána é an fo-chomhfhios. Ní maith leis go mbítear ag cur isteach air agus é i mbun oibre. An bealach is éasca le scéal a chur ó mhaith ná ceist a chur air seasta: ‘Céard é an chéad rud eile a tharlaíonn? An bhfuil sé oibrithe amach agat go fóill?’

Ní hé gur duine leisciúil é an fo-chomhfhios. Bíonn sé ag obair go tréan, níl ann ach nach maith leis go mbítear ag faire air. Nuair a bhíonn a aird ar rudaí eile ag an scríbhneoir is fearr a fheidhmíonn an fo-chomhfhios. Cleas a fhoghlaimíonn an scríbhneoir ficsin mar sin, in imeacht ama, ná rud éigin a thabhairt le déanamh dá intinn agus dá cholainn fad is a bhíonn an fo-chomhfhios i mbun cumadóireachta. 

Obair fhánach, fhisiciúil is feiliúnaí: na gréithe a ní, an t-urlár a scuabadh, braillíní nua a chur ar an leaba. 

Nuair a bhris m’inneall níocháin cúpla mí ó shin shocraigh mé gan inneall níocháin nua a cheannacht. Ní ar mhaithe leis an timpeallacht, ach ar mhaithe le mo chuid scríbhneoireachta, a rinne mé an cinneadh sin. 

D’fhéadfadh duine a cheapadh gur ag ní éadaí atá mé agus mé ag sclábhaíocht sa chith le mo bhuicéad agus mo lámhainní rubair, ach ag obair ar an gcéad saothar litríochta eile a bhím i ndáiríre.

Ceal teach atá le glanadh nó éadaí atá le ní, is féidir leis an scríbhneoir dul amach ag siúl, ag rothaíocht, nó ag ardú meáchan san ionad aclaíochta. Obair fhisiciúil ar bith atá dúshlánach go leor ach nach mbíonn an aigne ag teastáil lena haghaidh, déanfaidh sí cúis.

Ach focal i do chluas.

Cinnte, ní maith leis an bhfo-chomhfhios go mbítear ag cur deifre air, ach ní feairín foighdeach é féin ach an oiread. A luaithe is a bhíonn a chuid oibre déanta aige buaileann sé cnag ar dhoras an scríbhneora. Is cuma sa sioc leis má bhíonn an scríbhneoir ag rith cois cladaigh ag an bpointe sin, ina shuí ar dhiallait rothair, nó ina luí ar bhinse san ionad aclaíochta agus meáchan seasca cileagram os a chionn.

Sin é an fáth go gcaithfidh scríbhneoir peann agus leabhar nótaí a thabhairt leis i gcónaí, nó guthán cliste.

An mhí seo caite, rug m’fho-chomhfhios orm agus mé ag snámh. Bhí mé leathchéad slat amuigh san Atlantach nuair a shocraigh sé mé a chur ar an eolas faoi dheireadh úrnua a bhí le bheith ar ghearrscéal a bhí idir lámha agam. 

Ní raibh rogha agam ach snámh ar ais go dtí an trá agus na habairtí a thug m’fho-chomhfhios dom a aithris os ard, arís is arís eile, ar eagla go ndéanfainn dearmad orthu. Nuair a bhain mé talamh tirim amach rith sé liom nach raibh peann, leabhar nótaí ná guthán cliste tugtha liom agam. (Féach, ní éistim le mo chomhairle féin!) Bhí orm deireadh nua mo ghearrscéil a scríobh isteach sa ghaineamh fliuch le mo chorrmhéar, le go bhfeicfeadh mo shúile na focail agus go gcuimhneodh m’aigne orthu go dtí go mbainfinn m’árasán amach.

Tá dul amú ar an té a cheapann gur ina shuí ag a dheasc a bhíonn an scríbhneoir ficsin.

Foilsíodh an colún seo ar Tuairisc.ie ar an 16 Iúl 2016.