Gearrscéal nua

Tá gearrscéal nua de mo chuid, “An neascóid”, ar fáil i móreagrán litríochta 1916-2016 na hirise Comhar. Seo thíos géarú goile.

Tar isteach. Lig dom an t-árasán a thaispeáint duit. Bhain an staighre an anáil díot? Bhain uaimse freisin. An chéad seachtain ba mheasa. Ach ar a laghad séideann leoithne ghaoithe thuas anseo nuair a osclaítear fuinneoga an tseomra codlata, an tseomra suite agus na cistine.

Taitníonn an t-árasán leat? Bhí a fhios agam go dtaitneodh.

Níl rud ar bith anseo a thabharfadh leid do dhuine gur Brasaíleach mé, a deir tú? Ná habair liom go bhfuil tú chun tosú cheana féin.

Chuir mé go leor ama agus fuinnimh isteach i ndearadh an árasáin seo. Próiseas casta é an dearadh intí, mar is eol duit. Ní ligim ach trí dhath isteach san áit seo: bán, imireacha éagsúla adhmaid agus dath caonaigh. Cuireann gach dath eile as do mo néaróga. Tabharfaidh tú faoi deara nach bhfuil ach fíorbheagán troscáin agam. “Less is more,” mar a deirtear sa Bhéarla.

Do sheacht mallacht ar an mBéarla. Nach maith a bhí a fhios agam go ndéarfá a leithéid. Dhiúltaigh tú cabhrú liom feabhas a chur ar mo chuidse.

Ná tosaigh! Thug mé cuireadh isteach duit le go dtaispeánfainn an t-árasán duit, ní le go mbeadh troid againn.

Má theastaíonn uait tuilleadh a léamh, is féidir teacht ar Comhar anseo.