Fuair mé deascéal inniu: tá gradam buaite ag mo chnuasach Gonta i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2012, sa rannóg Saothar Próis – an rannóg chéanna inar ghnóthaigh mo leabhar neamhfhicsin Favela duais aitheantais sa bhliain 2009. Tá an gradam seo urraithe ag Oireachtas na Gaeilge.
Ar ndóigh, mar scríbhneoir, is iontach an rud e gradam a fháil. Ach tá lúchair orm ach go háirithe go bhfuil aitheantas den chineál seo á thabhairt do Gonta. Thar rud ar bith eile dár scríobh mé, chuir mé mo chroí agus m’anam isteach sa chnuasach seo. Níl amhras ar bith orm ach go gcuirfidh gradam seo an Oireachtais an saothar i mbéal an phobail. Go raibh maith agaibh, a mholtóirí!
Tá fáil ar Gonta i siopaí leabhar a bhfuil rannog Ghaeilge acu agus tríd an idirlíon.